Skip to main content
Government of Ireland funding logo
Kerry ETB

Cuireann Coláiste Breisoideachais & Oiliúna Chiarraí ar an gcosán tú chuig fostaíocht, breis staidéir, an tríú leibhéal agus printíseachtaí

4

Champas

180

Clár

3438

Mac Léinn & Printíseach

Tá ceithre champas ag Coláiste Chiarraí ar fud an chontae.

Campas Bhóthar na Claise

Tá 40+ cúrsa ar fáil ar Champas Bhóthar na Claise le haghaidh dul chun cinn agus fostaíocht i réimsí éagsúla foghlama.

Campas Shráid Deiní

Is campas nua ceannródaíoch é Campas Shráid Deiní i gcroílár bhaile Thrá Lí.

Campas Lios Tuathail

Is é campas Lios Tuathail croílár an bhreisoideachais agus oiliúna i gCiarraí Thuaidh agus cuireann sé réimse cúrsaí ar fáil le haghaidh dul chun cinn agus fostaíocht.

Campas Mhóin an Bhaile

Tá 110 cúrsa lánaimseartha ar fáil ar Champas Mhóin an Bhaile le haghaidh dul chun cinn agus fostaíocht. Déantar na printíseachtaí ar fad anseo.

Ceisteanna?

Is coláiste comhtháite breisoideachais agus oiliúna é Coláiste Chiarraí. Ciallaíonn sé sin go gcuirimid ar fáil réimse cúrsaí breisoideachais agus cúrsaí oiliúint scileanna ar bhonn páirtaimseartha agus lánaimseartha agus iad dírithe ar dhul chun cinn sa choláiste agus ar fhostaíocht. Chomh maith leis sin, tá áislann mhór againn le haghaidh oiliúint printíseach.

 Déantar gach iarratas ar chláir lánaimseartha agus páirtaimseartha ar líne – via suíomh idirlín Choláiste Chiarraí.

Déanfar d’iarratas a phróiseáil tríd an gcóras FETCHCOURSES.

Muna bhfuil cuntas FETCH cruthaithe agat, beidh ort é sin a dhéanamh ar dtús. Tá sé saor in aisce agus ní gá é a dhéanamh ach uair amháin.

Cuirtear ar liosta feithimh tú do chúrsaí atá bunaithe ar dhul chun cinn. De ghnáth, ofráiltear spás duit ar an dáta a ndéanann tú an t-iarratas ach tá níos mó agus níos mó de na cúrsaí seo anois á líonadh trí agallamh iontrála nó trí phunann a chur isteach. Do na cúrsaí sin a bhfuil an fócas ar fhostaíocht, bíonn ort freastal ar agallamh iontrála. Baintear úsáid as córas scórála ualaithe agus ofráiltear spásanna bunaithe ar cén scór a fhaigheann tú. Tá seans ann leis go mbeadh ort tástáil inoiliúnachta a dhéanamh, measúnú leighis agus grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.

Ní hea go díreach. Is conradh fostaíochta idir trí pháirtí atá sa Phrintíseacht, idir tusa, an fostóir agus SOLAS – bíonn oiliúint ar fáil ar an láthair oibre agus taobh amuigh den láthair oibre, curtha ar fáil ar bhonn céimiúil. An chéad rud le déanamh ná post a fháil le fostóir printíseachtaí ceadaithe. Tá na sonraí ar fad ar fáil ar www.apprenticeship.ie nó ónár bhfoireann Seirbhísí Printíseachtaí ar 066-7149600.

Aimsigh Cúrsaí